Ní bheidh aon chomhaontú glas gan comhaontú sóisialta

le Grúpa na nOibrithe in CESE

An 26 Feabhra, tháinig na feirmeoirí ina dtarracóirí le sráideanna na Bruiséile a bhlocáil agus agóid a dhéanamh, den dara huair sna seachtainí beaga atá imithe thart. I gcontrárthacht go mór lena fheictear ar shráideanna an cheantair Eorpaigh de ghnáth, lucht na gcultacha agus iad pioctha néata agus mar sin de, bhí na sráideanna dubh le trucailí, tarracóirí, féar tirim agus carn bonn curtha trí thine. I measc na gcúiseanna casta atá le hagóid na bhfeirmeoirí, tá an comhbheartas talmhaíochta, beartais chomhshaoil agus saincheisteanna eile nach bhfuil aon bhaint acu leo sin.

Is é fírinne an scéil go bhfuil cruachás faoin tuath san Eoraip, agus is mar sin don scéal le fada an lá. Tá rabhadh tugtha ag Grúpa na nOibrithe agus ag CESE ina iomláine arís agus arís eile nach mbeadh aon chomhaontú glas ann gan comhaontú sóisialta. Cé go bhféadfadh sé a bheith i bhfad ró-éasca beag is fiú a dhéanamh den mhéid sin agus a rá nach bhfuil ann cuid eile de bhéarlagair na Bruiséile, botún tromchúiseach a bheadh ann é sin a dhéanamh. Tá fíorfhadhbanna roimh na ceantair tuaithe. Áirítear orthu sin na hidirghabhálaithe nach n-íocann ach pinginí le táirgeoirí, ach a bhfuil praghsanna millteanacha á ngearradh acu ar na tomhaltóirí; an chabhair neamhleor atá ann chun athchóirithe comhshaoil a dhéanamh; agus an tsaorthrádáil (neamhchothrom), na dálaí oibre diana agus an t-athrú aeráide.

Is cúis imní ollmhór freagairt an Choimisiúin Eorpaigh, a bhí an-tapa chun riachtanais lotnaidicídí a chaitheamh amach. Is measa sin fiú ná an easpa comhairliúcháin iomchuí agus teagmhála a rinneadh leis na comhpháirtithe sóisialta agus an easpa gníomhaíochta ar leibhéal an bheartais shóisialta. Ar an gcaoi chéanna le bearta comhshaoil, d’fhéadfadh sé go n-éireodh lenár bpolaiteoirí fanacht san oifig cuid bheag eile trí bhata agus bóthar a thabhairt do na bearta sin, ach d’fhágfadh sé freisin nach mbeadh aon dul siar ann a mhéid a bhaineann leis an damáiste a bheadh déanta don chomhshaol.

Anuas air sin, agus na toghcháin ag teacht, tá an eite fhíordheis ag iarraidh teacht isteach ar mhíshástacht na ndaoine agus, go pointe, tá ag éirí léi na daoine a chur i gcoinne na spriocanna forbartha inbhuanaithe, an Chomhaontaithe Ghlais agus Chlár Oibre 2030.