An Comhaontú Gorm don Eoraip

Chuir CESE tús lena chuid oibre ar an gComhaontú Gorm don Eoraip in Eanáir 2023, agus seoladh an imeacht oifigiúil ‘Tá sé in am do Chomhaontú Gorm san Aontas’ i bhFeabhra 2023. I Meán Fómhair 2023, fuair an tionscnamh níos mó tacaíochta polaitiúla nuair a fógraíodh Glao comhpháirteach ó CESE agus ó Pharlaimint na hEorpa, a cuireadh in iúl i litir chomhshínithe a seoladh chuig Cinn Stáit agus Rialtais an Aontais, inar iarradh ar na Ballstáit tacú le Comhaontú Gorm uaillmhianach don Aontas agus é a ghlacadh. Thairis sin, go luath i mí Mheán Fómhair, scríobh Uachtarán CESE, Oliver Röpke, chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus d’iarr sé uirthi ardtosaíocht a dhéanamh den uisce ar chlár oibre an Choimisiúin Eorpaigh. Ina dhiaidh sin, cuireadh an tionscnamh maidir le hathléimneacht i réimse an uisce san áireamh  i dtosaíochtaí an Choimisiúin le haghaidh 2024.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, chuir CESE an glao uaidh Achainí ar son Comhaontú Gorm don Eoraip i láthair, agus is éard a bhí i gceist leis sin ach sraith moltaí chun tosaíocht straitéiseach a dhéanamh de bheartas inbhuanaithe uisce don Eoraip. Tá an obair seo bunaithe ar shraith tuairimí lena gcumhdaítear na ngnéithe sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus geopholaitiúla a bhaineann leis an uisce chomh maith le dúshláin uisce a ghabhann leis an talmhaíocht, le tionscail, leis an mbonneagar agus le tomhaltas inbhuanaithe.

Maidir le Dearbhú ar son Comhaontú Gorm don Eoraip ó Uachtarán CESE, tá 15 phrionsabal ann ba cheart a úsáid agus tionscnaimh á mhúnlú sa todhchaí, tá sraith de 21 ghníomhaíocht nithúla ann freisin faoina moltar go ndéanfaí CESE a chur chun feidhme mar ábhar práinne. Is é an aidhm atá againn go nglacfaí Comhaontú Gorm don Eoraip mar thosaíocht straitéiseach neamhspleách san obair a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach nua. Bhí go leor spéise ag lucht ceaptha beartas sa ghlao agus fuair sé tacaíocht ó raon leathan páirtithe leasmhara, agus eagraíochtaí óige, ionadaithe ar an tionscal agus eagraíochtaí comhshaoil ina measc. Fuaireamar go leor iarrataí ón tsochaí shibhialta eagraithe chun gníomhaíochtaí leantacha a eagrú ar an téama sin chomh maith.

Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (TES) le haghaidh Eoraip atá cliste agus athléimneach ó thaobh bainistiú uisce de

An 25 Meán Fómhair 2024, chláraigh an Coimisiún Eorpach TES nua le haghaidh Eoraip atá cliste agus athléimneach ó thaobh bainistiú uisce de. Sa TES, iarrtar go mbeadh plean gníomhaíochta straitéiseach ann don uisce san Eoraip agus go ndéanfaí beartais dhéacha chomhlántacha a fhorbairt agus agus a chur chun feidhme i ngach réimse beartais de chuid an Aontais. Tagraítear sa TES don iarraidh go mbeadh Comhaontú Gorm don Eoraip ann agus liostaítear an Dearbhú ó CESE san iarscríbhinn a ghabhann leis.

Seolfar an TES go luath chun sínithe a bhailiú ó shaoránaigh ar fud an Aontais.

Má fhaighimid aon mhilliún ráiteas tacaíochta ar a laghad don tionscnamh laistigh de bhliain amháin agus má éiríonn linn an líon sínithe íosta a bhaint amach i 7 mBallstát éagsúla ar a laghad, beidh ar an gCoimisiún freagairt ar an tionscnamh. Beidh ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh ansin an ndéanfaidh sé, nó nach ndéanfaidh sé, beart mar fhreagairt ar an iarraidh agus beidh sé de cheangal air an réasúnaíocht leis an gcinneadh sin a mhíniú. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an bpróiseas ar fáil anseo.

Recent and upcoming EU Blue Deal events organised by the EESC

Bhí go leor cainte sna meáin ar an gComhaontú Gorm freisin: In 2023, rinneadh foilsitheoireacht ar an gComhaontú Gorm in thart ar 100 foilseachán de chuid eagraíochtaí meán ar fud an Aontais, lena n‑áirítear nuachtáin mhóra (cuir i gcás, Politico, EurActiv agus na meáin náisiúnta), irisí agus líonraí teilifíse (Euronews).

I lár mhí Feabhra 2024, fógraíodh go gcuirfí Tionscnamh Athléimneachta Uisce de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ar ceal agus níor luadh aon dáta ar a gcuirfí tús leis an obair sin arís. Seoladh litir chomhpháirteach a shínigh CESE agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus Choiste Eorpach na Réigiún chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič, inar dearbhaíodh an iarraidh a rinne na trí institiúid go mbeadh Comhaontú Gorm uaillmhianach ann don Aontas agus inar iarradh ar an gCoimisiún an Tionscnamh Athléimneachta Uisce a fhoilsiú a luaithe is féidir, ós rud é go bhfuil tionchar ag an ngéarchéim uisce cheana féin ar shaoránaigh, ar fheirmeoirí, ar thionscail, ar ár gcomhshaol nádúrtha agus ar an tsochaí ina hiomláine.

Níl aon dabht ag an CESE faoin ábhar seo, tá gá le Comhaontú Gorm don Aontas san Eoraip. I bhfianaise a ríthábhachtaí atá an t-uisce agus a ghéire atá na dúshláin atá romhainn, níor cheart an t-uisce a theorannú do bheartas comhshaoil amháin laistigh den Chomhaontú Glas, ach ní mór é a ghlacadh mar thosaíocht straitéiseach neamhspleách, a chomhlánaíonn an straitéis dícharbónaithe agus caithfear é a chomhtháthú i mbeartais uile an Aontais. Is mithid gníomhú.

Sheol an Coimisiún Eorpach comhairliúchán uile-Aontais i mbliana maidir le todhchaí uisce na hEorpa i gcomhthéacs Sheachtain Ghlas an Aontais, a bhí dírithe ar an uisce. Tá CESE ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún ar an bhfeachtas sin, ag leanúint dá phríomhtheachtaireachtaí maidir leis an gComhaontú Gorm don Eoraip a chur chun cinn mar chur chuige cuimsitheach straitéiseach i leith an uisce, agus béim á leagan aige ar an ngá atá le huaillmhian pholaitiúil chun an ghéarchéim uisce a réiteach.

Leanfaidh CESE de bheith i dteagmháil le hinstitiúidí an Aontais agus leis na páirithe leasmhara is tábhachtaí chun an Comhaontú Gorm a éileamh agus iarrfaidh sé go mbeadh an Comhaontú mar thosaíocht nua don Aontas sna blianta amach romhainn. Tá an Coiste i mbun idirphlé gníomhach freisin leis na Ballstáit agus leis an tsochaí shibhialta i gcoitinne agus gníomhaíochtaí agus imeachtaí leantacha á n‑eagrú aige, le rannpháirtíocht chomhaltaí agus thoscairí CESE.


Downloads

  • Call for an EU Blue Deal – highlights of October 2023 high-level conference
  • Highlights of "Time for an EU Blue Deal" kick-off conference in February 2023