European Economic
and Social Committee
Grúpa na bhFostóirí (Grúpa 1)
Tugaimid guth do lucht gnó ar an leibhéal Eorpach.
Tugann Grúpa na bhFostóirí (Grúpa I) le chéile breis agus 100 fiontraí agus ionadaí ó chomhlachais ghnó ó gach Ballstát den Aontas, a dhéanann ionadaíocht ar níos mó ná 20 milliún cuideachta Eorpach - idir bheag agus mhór, agus atá ag obair i réimse leathan earnálacha gnó, idir earnáil na tionsclaíochta agus earnáil an mhiondíola agus idir talmhaíochta agus seirbhísí. Tá ár gcomhaltaí gníomhach i saol an ghnó agus cuireann siad fírinní laethúla na hearnála gnó i ngach Ballstát den Aontas in iúl ar an leibhéal Eorpach. Tá siad tiomanta i ndáiríre do leas a bhaint as an taithí a fuarthas chun an tionscadal Eorpach a chur chun cinn.
Cuireann Grúpa na bhFostóirí a obair i gcrích i gcomhréir le tosaíochtaí a léiríonn príomhriachtanais ghnólachtaí na hEorpa. Chun coinneáil suas leis na dinimicí ina bhfeidhmíonn gnólachtaí Eorpacha, déantar athbhreithniú ar na tosaíochtaí sin ar bhonn rialta.
I bhfianaise na ndúshlán domhanda atá ann faoi láthair, is ar an iomaíochas agus ar chruthú timpeallacht atá fabhrach don ghnó a dhírítear na tosaíochtaí atá againn, cuspóirí nach mór a bheith chun tosaigh sa chlár oibre polaitiúil, agus gníomhaíochtaí nithiúla beartais a dhéanamh chun tacú leis an méid sin.
Sin an fáth a bhfuil 10 sraith de ghníomhaíochtaí beartais atá fabhrach don ghnó á n‑iarraidh againn mar phríomhthosaíochtaí:
Athchóiriú radacach ar an gcur chuige rialála
Córais nuálaíochta táirgiúla le díriú ar an infheistíocht agus ar an nuálaíocht
Ardacmhainneacht theicneolaíoch sa chosaint, sa tslándáil agus san aistriú glas agus tacaíocht do ghnólachtaí teicneolaíochta nuathionscanta
Bonn tionsclaíoch láidir
Margaí airgeadais comhtháite trí fhorbairt a dhéanamh ar Aontas na Margaí Caipitil agus ar an Aontas Baincéireachta
Rochtain leordhóthanach ar lucht saothair
Córais éifeachtacha fuinnimh agus iompair
Dálaí trádála comhionanna
Aistriú glas atá dírithe ar an ngnó
Airgeadas poiblí éifeachtúil
Oibrímid i ndlúthchomhar le sé mhóreagraíocht ghnó, is iad sin BusinessEurope, Copa-Cogeca, EUROCHAMBRES, EuroCommerce, SGI Europe agus SMEunited. Is comhghuaillithe tábhachtacha iad seo ó thaobh saineolas a mhalartú agus ár mbarúlacha a chur in iúl. Ina theannta sin, is minic a oibrímid i gcomhar le roinnt mhaith institiúidí agus eagraíochtaí gnó eile ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.