Tetyana Ogarkova: An cogadh deiridh ag Vladimir Putin

Dúisíodh muid go tobann ag a cúig a chlog ar maidin an 24 Feabhra 2022. Bhí torann aisteach le cloisteáil i bhfad uainn, torann a bhí an-chosúil le pléasadh. Bhí na páistí ina gcodladh go sámh sa leaba, ach bhí teachtaireacht i ndiaidh teachtaireachta ag teacht isteach ar na fóin. Bhí an cogadh tosaithe. Tuairiscíodh gur ionsaithe diúracán a bhí sa phléascadh – i gCív, in Kharkiv, in Ivano-Frankivsk agus i gcathracha eile ar fud na tíre.

Ar cheann de na chéad ionsaithe bhí ionsaí a scrios foirgneamh ar shuíomh míleata in Brovary san áit a raibh cónaí ar mhúinteoir damhsa ár n-iníne is sine. Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, d’imigh mé liom sa charr chun cara liom nach raibh ag freagairt an ghutháin níos mó a bhailiú. Ba thancanna arm na hÚcráine a bhí romham sa ród. D’fhág a gcriosanna boinn marcanna i dtarra an bhóthair.

Ón maidin sin an 24 Feabhra 2022, nuair a dúisíodh go tobann muid, nuair a cuireadh deireadh go deo leis an saol mar a bhí sé, níor éirigh linn go fóill titim ar ais inár gcodladh. Leathann ár súile nuair a amharcaimid thart ar an saol nua atá againn.  Le linn na chéad seachtaine den chogadh, chonaiceamar cairde linn ag titim den chéad uair i mbrollach an chatha. Chonaiceamar freisin go raibh arm na hÚcráine in ann an fód a sheasamh i gcoinne an ‘dara arm is cumhachtaí ar domhan’. Chonaiceamar muintir na hEorpa a thug airm chomh fada linn agus ag plé smachtbhannaí a chuirfí i bhfeidhm.

Leathann ár súile nuair a fheicimid cad atá ar siúl ag na Rúisigh. Agus is deacair a chreidiúint cé chomh gránna agus atá an saol ag éirí: tá saighdiúirí ag maíomh dá mná céile as meaisín caife, brat urláir nó, fiú, meaisín níocháin a ghoid sna bailte scriosta. Ní féidir linn an chruálacht atá iontu a thuiscint: scaoileann siad piléir le sibhialtaigh gan airm, déanann siad mná Úcránacha a éigniú os comhair a bpáistí agus cuireann siad na coirp trí thine. Buamálann siad ár n-ospidéil agus seolann siad diúracáin chugainn gach aon lá as éadan. Ní féidir an amaidíocht atá ar bun acu a thuiscint: le os cionn míosa, bhí trinsí á dtochailt ag a gcuid saighdiúirí sa talamh in Chernobyl, sin sula raibh orthu aistriú chuig an mBéalarúis chun cóir leighis a fháil de thoradh tinneas radaíochta, agus tá siad ag fáil bháis dá thoradh sin anois.

Leathann ár súile nuair a fheicimid an méid atá ag titim amach sa Rúis féin. Ní hé Putin amháin atá ag cur an chogaidh seo. Dar le pobalbhreith de chuid Levada-Center, tá tacaíocht 85 % de phobal na Rúise aige.
Tá sé in am aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne lom sin. Tá toradh ar sheasamh cróga shaighdiúirí na hÚcráine agus ar chúnamh míleata agus smachtbhannaí láidre ár gcomhpháirtithe san Iarthar.

Ach ní leor iad chun an cogadh a stopadh. Is é an rud is tábhachtaí ná coinneáil ag imeacht, gan an mhisneach a chailleadh, agus gan géilleadh do shos comhraic a aontaíodh go róthapa – ar ais nó ar éigean. An tsíocháin an rud a theastaíonn uainn go léir. Tá an deis uathúil seo againn a chinntiú gurb é ionsaí barbartha seo na Rúise an cogadh deireanach a chuirfidh sí. Ní leor sos cogaidh, ní leor géilleadh i dtaobh na limistéar agus ní leor comhréiteach – murar chun ligean don Rúis bua páirteach a mhaíomh, agus cur leis an dearcadh ionsaitheach díoltasach i measc shochaí na Rúise, é.
An Tras-dnístria in 1992, an tSeoirsia in 2008, an Chrimé agus Donbas in 2014: gach tréimhse deich mbliana, cuireann an Rúis le leibhéal na ndúshlán agus na gcontúirtí a chreimeann an réigiún. Bhain an Chreimil leas as gach laige san Iarthar mar leithscéal chun leanúint ar aghaidh leis an ionsaí. Bíodh na súile in airde againn. Chun an tsíocháin a bhaint amach, ní mór dúinn leanúint ar aghaidh leis an gcogadh. An cogadh i gcoinne na Rúise.

Beidh orainn misneach a léiriú. A lán misnigh. Ní hamháin i measc shaighdiúirí na hÚcráine, ach i measc chomhpháirtithe an Iarthair freisin chun na smachtbhannaí a neartú (chun geilleagar na Rúise a scriosadh) agus chun na hairm ionsaitheacha a bhfuil gá leo a sheachadadh chun na hÚcráine (le gur féidir trúpaí na Rúise a bhrú amach thar teorainn).  

Beidh orainn a bheith diongbháilte freisin. Ní mór go bhfágfadh an diongbháilteacht sin, tar éis threascairt na Rúise, rud a tharlóidh go cinnte, go bhféadfaí a rá go bhfuil gach saoránach Rúiseach cuntasach go stairiúil as an mbarbarachas mídhaonna seo. Go n-íocfaí cúiteamh go ceann dhá ghlúin nó trí ghlúin. Go mbeadh téacsleabhair staire againn ina mbeadh cur síos mionsonraithe ar a gcoireanna cogaidh. Go mbeadh músaem de chath Mariupol, nó de chath Bucha, i lár Mhoscó.

Is tar éis an chogaidh thubaistigh seo a fhéadfar Rúis eile a chruthú; Rúis a bhfuil coimpléasc na himpireachta gortaithe, agus an dúil filleadh ar an tseanmhaorgacht le haimhleas a comharsan, curtha di aici.

Nuair a dúisíodh muid ag a cúig a chlog ar maidin an 24 Feabhra 2022, chualamar Putin á rá go raibh mar chuspóirí aige lena ‘oibríocht mhíleata’ deireadh a chur le ‘naitsíú’ agus ‘míleatú’ na tíre. Ach bímis dáiríre faoi. Níl aon ghá le ‘dínaitsíú’ ná le ‘dímhíleatú’ na hÚcráine. Is í an Rúis a bhfuil sin de dhíth uirthi.