RÁITEAS MAIDIR LE HINROCHTAINEACHT

Tá CESE tiomanta rochtain a thabhairt ar a shuíomh gréasáin i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Baineann an ráiteas seo leis an suíomh https://www.eesc.europa.eu/en/.

Sonraí na heagraíochta

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Rue Belliard/Belliardstraat 99

B-1040 BRUXELLES/BRUSSEL

An Bheilg

Teagmháil :  webeesc

Stádas comhréireachta

Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir le caighdeáin na dtreoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an ngréasán – WCAG 2.0 agus WCAG 2.1.

Torthaí na tástála

Rinne cuideachta sheachtrach iniúchadh ar an suíomh de réir chaighdeáin WCAG 2.0 agus WCAG 2.1.

WCAG 2.0

Léirigh iniúchadh an tsuímh go bhfuil an suíomh i gcomhréir le 100 % de chritéir leibhéal A agus leibhéal A dúbailte (AA) atá i bhfeidhm faoi WCAG 2.0, mar seo a leanas:

  • i gcomhréir le 100 % de chritéir leibhéal A
  • i gcomhréir le 100 % de chritéir leibhéal AA

WCAG 2.1

Léirigh iniúchadh an tsuímh go bhfuil an suíomh i gcomhréir le 100 % de chritéir leibhéal A agus leibhéal A dúbailte (AA) atá i bhfeidhm faoi WCAG 2.1, mar seo a leanas:

  • i gcomhréir le 100 % de chritéir leibhéal A
  • i gcomhréir le 100 % de chritéir leibhéal AA

Inneachar nach bhfuil inrochtana

Inneachar tríú páirtithe

  • Amlíne Twitter: tá amlíne Twitter curtha ag CESE ar roinnt leathanach (e.g. leathanach Uachtarán CESE). Ní féidir le CESE aon athrú a dhéanamh ar an gcód atá ar taispeáint ná ar fhormáidiú an chóid sin. Tá maolú i bhfeidhm maidir leis an inneachar sin a thagann ó thríú páirtithe.
  • Is le léitheoir Youtube a dhéantar na físeáin a leabú, agus d’fhéadfadh fabhtanna áirithe a bheith iontu.

Inneachar an tsuímh

Seo a leanas inneachar atá foilsithe ag CESE ach nach bhfuil i gcomhréir iomlán leis na rialacha maidir le hinrochtaineacht.

Inneachar ilmheán

Cuirtear a lán físeán ar shuíomh gréasáin CESE. Is minic gur chun míniú a thabhairt ar alt a fhoilsítear na físeáin sin. Toisc nach inneachar lárnach de chuid an tsuímh iad, agus go bhfuil líon mór acu ann, measadh go mbeadh ualach díréireach i gceist le rochtain a thabhairt orthu go léir.

I gcás roinnt físeán níl aon fhotheidil ann, nó tá na fotheidil leabaithe san fhíseán agus ní féidir iad a bhaint, nó níl na fotheidil i dteanga an fhíseáin.

Mar sin féin, na físeáin go léir a scrúdaíodh san iniúchadh seo agus atá ina mbunús leis an ráiteas seo, cuireadh tras-scríbhinn focal ar fhocal díobh ar fáil, agus tá CESE ag obair chun tras-scríbhinn focal ar fhocal i bhfoirm téacs struchtúrtha a chur ar fáil, ar a laghad, do na físeáin sin go léir atá foilsithe ina bhfuil faisnéis á tabhairt.

Doiciméid

Cuireann CESE líon mór doiciméad ar fáil go rialta. Níl na doiciméid go léir atá foilsithe faoi láthair i gcomhréir leis na rialacha maidir le hinrochtaineacht (cé nach gcuireann an easpa comhréireachta sin isteach ar cheadú na faisnéise).

Is iad sin na doiciméid atá ar fáil sa roinn “An obair a dhéanaimid” (“Tuairimí”, “Tuarascálacha Faisnéise”, etc.), ach freisin i gcodanna eile den suíomh (e.g. nuacht).

Toisc go bhfuil líon mór doiciméad foilsithe cheana, measadh go mbeadh sé ina ualach díréireach rochtain a thabhairt orthu go léir. Mar sin féin, tá CESE ag obair ar mhúnla inrochtana a áiritheoidh go mbeidh na chéad fhoilseacháin eile i gcomhréir leis na rialacha maidir le hinrochtaineacht.

Níl rochtain ar chuid de na PDFanna (go háirithe na cinn atá foilsithe ar an leathanach “Eolas faoi CESE”). Glacadh leis na foilseacháin sin mar ábhar cartlainne tráth an iniúchta. Dá réir sin, cuireadh maolú i bhfeidhm maidir leo.

Ceart chun cúiteamh a fháil

Iarrtar ar úsáideoirí nach raibh in ann doiciméad nó físeán den sórt sin a rochtain dul i dteagmháil le hoifigeach inrochtaineachta CESE le go bhféadfar leagan inrochtana den doiciméad nó den fhíseán sin a chur ar fáil a luaithe is féidir.

Ullmhú an ráitis seo maidir le hinrochtaineacht

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 27 Meán Fómhair 2019.

Rinne cuideachta sheachtrach iniúchadh ar 30 leathanach den suíomh gréasáin maidir le gach critéar A agus AA de chaighdeán WCAG 2.0.

Leathanaigh an tsuímh a ndearnadh an tástáil comhréireachta orthu

Rinneadh sampla ionadaíoch de 30 leathanach den suíomh gréasáin a thástáil. Ní dhearnadh iniúchadh ach ar an leagan Béarla de na leathanaigh, cé go ndearnadh na hearráidí a cheartú ar leaganacha eile teanga den suíomh agus ar go leor leathanach den suíomh, leathanaigh nach raibh sa sampla seo san áireamh.

  1. Leathanach baile
  2. Roghchlár nascleanúna
  3. Eolas
  4. Uachtarán CESE
  5. Cairt eagrúcháin
  6. Tuairimí (scagairí san áireamh)
  7. Tuairim
  8. Foilseacháin (Cuardach casta san áireamh)
  9. Beartas
  10. Toradh cuardaigh
  11. Gach imeacht
  12. Clár - Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh 2018
  13. Preaseisiúintí
  14. CESE info - Iúil 2018
  15. CESE ar na Meáin Shóisialta
  16. Leabharlann na Meán
  17. Gailearaí grianghraf
  18. Físeán de Laethanta na Sochaí Sibhialta 2018
  19. Teagmháil leis an bPreasoifig
  20. Cur i láthair - Grúpa na nOibrithe
  21. Eagraíocht - Grúpa na nOibrithe
  22. Liosta na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta
  23. Conas teacht orainn
  24. Mapa suímh
  25. Poist
  26. CESlink
  27. Cainteoirí
  28. Nós imeachta céim ar chéim
  29. Foireann Uachtarán CESE
  30. Físeán den Uachtarán (fotheidil leabaithe)

Faisnéis theicniúil maidir le cruthú an tsuímh agus leis na tástálacha ar inrochtaineacht

Na teicneolaíochtaí a úsáideadh chun an suíomh a chruthú

  • HTML5
  • CSS
  • JavaScript

Gníomhairí úsáideora agus teicneolaíocht chúnta a úsáidtear chun inrochtaineacht inneachair a sheiceáil

Rinneadh tástálacha maidir le macasamhlú na méith-chomhpháirteanna ar na péirí seo a leanas:

  • Firefox 69.1 / NVDA 2019
  • Internet Explorer 11 agus JAWS 2018

Aiseolas agus sonraí teagmhála

Is féidir leat cabhrú linn rochtain níos fearr a thabhairt ar inneachar an tsuímh trí theagmháil a dhéanamh linn ag an seoladh teagmhála thíos má bhí aon fhadhbanna inrochtaineachta agat nó chun rochtain ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid nach bhfuil inrochtana a iarraidh. Cuirfear freagra chugat a luaithe is féidir.

webeesc

Nós imeachta lena n-áirithítear comhlíonadh dualgas

Má thugann tú fadhb inrochtaineachta faoi deara a chuireann bac ort rochtain a fháil ar ábhar nó ar fheidhmiúlacht ar an suíomh, nó má chuir tú scéala chugainn faoina leithéid agus nach bhfuair tú freagra sásúil uainn laistigh de thréimhse réasúnach ama, tá tú i dteideal gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.

An tOmbudsman Eorpach
1 avenue du Président Robert Schuman
CS 30403
F-67001 Strasbourg Cedex

Jean-Pierre Villain, Stiúrthóir Bainistíochta Access42

Downloads

Déclaration d'accessibilité 2019
ACCESSIBILITY STATEMENT 2019