Céim loighciúil chun cinn don Eoraip is ea an méadú 

An mhí seo, tá comóradh 20 bliain á cheiliúradh againn ar an méadú mór ar an Aontas Eorpach. Ba i mí na Bealtaine 2004 a rinneadh saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh de shaoránaigh na Cipire, na Seicia, na hEastóine, na hUngáire, na Laitvia, na Liotuáine, Mhálta, na Polainne, na Slóvaice agus na Slóivéine. Ní próiseas éasca a bhí ann ós rud é gur dúshlán mór é aontachas a bhaint amach leis an Aontas agus tógann sé roinnt mhaith ama. Fiche bliain ina dhiaidh sin, áfach, is féidir a rá go bhfuil méadú 2004 ag dul ó neart go neart. 

Anuas ar an Aontas a bheith ar cheann de na margaí aonair is mó ar domhan, cruthaíodh 26 mhilliún post nua mar thoradh ar an méadú. Ní féidir rath an mhéadaithe a mheas, áfach, le gnóthachain eacnamaíocha amháin. I ndeireadh na dála, mar thoradh ar an méadú, osclaíodh teorainneacha agus bhí na milliúin daoine saor chun taisteal, chun obair agus chun cónaí áit ar bith san Aontas. Rinneadh ceart do gach duine de phribhléid nach raibh ach ag daoine áirithe go dtí sin. Go dtí seo, tá os cionn 2.7 milliún mac léinn ó na 10 dtír nua tar éis páirt a ghlacadh i gclár malartaithe Erasmus+. Chuir an tAontas méadaithe comhionannas deiseanna ar fáil do chách chun go mbeadh rath orthu. 

Ní hé sin le rá nach raibh aon cheacht le foghlaim. Ní raibh méadú den chineál sin ná den mhéid sin ann riamh roimhe sin, agus is cinnte go bhfuil go leor réimsí ann ina bhféadfadh agus inar cheart don Aontas tuilleadh a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos, ní mór don Aontas tús a chur le lánpháirtiú na dtíortha is iarrthóirí ina chuid oibre a luaithe is féidir. Cé nach féidir an comhtháthú forásach a chur in ionad an aontachais iarbhír, is bealach é don dá thaobh bunús láidir a thógáil trí fhoghlaim óna chéile agus trí thaithí a mhalartú agus tuairimí a roinnt. Tugann sé deis naisc dhaonna a bhunú agus fíormheon Eorpach a chothú. 

Ar an dara dul síos, tá croíphrionsabail an Aontais maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta agus saoirsí bunúsacha doshannta agus ní féidir neamhaird a thabhairt orthu. Cé go bhfuil critéir shoiléire i lámhleabhar aontachais an Aontais maidir le ‘bunphrionsabail’, tá roinnt gnéithe nach dtiocfar orthu in aon lámhleabhar. Ina ról mar theach na sochaí sibhialta, creideann CESE go mbraitheann daonlathais dhea-fheidhmiúla go huile is go hiomlán ar shochaí shibhialta bhríomhar agus idirphlé sóisialta láidir. Tríd an tsochaí shibhialta ó thíortha is iarrthóirí a lánpháirtiú san Aontas de réir a chéile, beidh siad in ann a bheith chomh láidir agus ba cheart iad a bheith faoi thráth an aontachais. Sin is cúis leis an tionscnamh arna sheoladh ag CESE chun na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas a lánpháirtiú. Tá ‘comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí’ ag obair anois lenár gcomhaltaí in CESE, agus tuairimí á ndréachtú acu ar ábhair a bhaineann go háirithe le méaduithe a bheidh ann amach anseo. 

Sin is cúis freisin leis an bplé a dhéanfaidh comhaltaí CESE ar chomóradh 20 bliain mhéadú an Aontais le linn an tseisiúin iomlánaigh a bheidh aige i mí na Bealtaine – agus machnamh á dhéanamh acu ar an am atá caite agus iad ag tnúth le todhchaí choiteann ina mbeidh an tAontas Eorpach níos athléimní, níos daonlathaí agus níos aontaithe.

Oliver RÖPKE 

Uachtarán CESE