Is beag an ní nach cuidiú é

A léitheoirí dile,

M'anam! Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm an tocht a bhí ar bhuaiteoirí Dhuais na Dlúthpháirtíochta Sibhialta i mbliana.

Chomhóstáil mé an searmanas bronnta beo ar an 15 Feabhra os comhair 7,500 rannpháirtí. Scaipeadh an scéal faoin aitheantas a thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) do na tionscnaimh iontacha seo ar fud na hEorpa go tapa.

Agus ní raibh sna buaiteoirí ach taobh amháin den scéal. Léirigh gach ceann de na 250 iarratas an dlúthpháirtíocht iontach a bhí agus atá fós á cleachtadh ag go leor daoine in aghaidh COVID-19. Tugann na tionscadail bhuaiteacha léargas dúinn ar a bhfuil ar siúl ar an láthair, ar na hiarrachtaí ollmhóra atá déanta ag an iliomad eagraíochtaí agus daoine aonair chun cabhrú leo siúd atá i ngátar, fiú chun beatha daoine a shábháil nó díreach chun cabhrú le daoine dul i ngleic leis an gcruatan a thagann as an bpaindéim. Léiríonn sé gurb iad na pobail iomadúla ina mairimid croílár na hEorpa i ndáiríre.

I dtaca lena n-ábhar, bhí, cuir i gcás, tionscadail san iomaíocht a chuireann tacaíocht chomhchineáil ar fáil, mar shampla bia agus cúnamh a thabhairt do dhaoine scothaosta nó do dhaoine gan dídean, agus tionscadail ó dhaoine atá ag cur ábhar cosanta ar fáil do dhochtúirí, don fhoireann leighis nó do bhardaí máithreachais. Anuas air sin, bhí san iomaíocht freisin tionscadail atá ar siúl go hiomlán ar líne, mar shampla chun aire a thabhairt do shláinte intinne na ndéagóirí nó do dhuine ar bith atá ag streachailt, chun troid i gcoinne bréagaisnéis faoi COVID-19, chun cuidiú le páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus lena dtuismitheoirí trí scolaíocht agus teiripe a chur ar fáil dóibh nuair a druideadh na scoileanna, chun cúrsaí indeimhnithe a reáchtáil ar gach rud ar chóir duit a bheith ar an eolas faoi maidir le COVID-19 nó fiú chun ceolchoirmeacha a eagrú ar bhalcóiní le meanma mhuintir na háite a ardú le linn na chéad dianghlasála. Agus níl ansin ach blaiseadh beag díobh!

Is léir ó na tionscadail bhuaiteacha gur bheag an ní nach cuidiú é – bhí réimse leathan tionscadal ann: fuarthas tionscadal ó scoláire ocht mbliana déag d’aois, ar thaobh amháin, agus tionscadail ar mhórscála ó eagraíocht neamhrialtasach (NGO), ar soláthraí cúraim sláinte le linn géarchéimeanna í a bhfuil go leor taithí aici agus atá gníomhach ar mhór-ranna éagsúla, ar an taobh eile.

Cuimhnígí ar an méid is féidir linn a bhaint amach nuair a chuirimid an fhreagracht shibhialta, an chomhbhá agus an meas ag fónamh dár gcomharsana.

Ba é sprioc CESE ná aitheantas a thabhairt don ról lárnach a bhí ag sochaí shibhialta na hEorpa i leith an ghéarchéim seo a shárú agus an cuidiú ríthábhachtach a thug sé ar son na cúise. Theastaigh uainn a thaispeáint do na daoine atá ag obair ar an láthair go bhfuil an Eoraip buíoch dá dtiomantas agus dá ndlúthpháirtíocht. Bheartaíomar an obair seo a aithint le duais.

Tá súil againn go bhfeidhmeoidh ár nduais ní hamháin mar dhreasacht dár mbuaiteoirí, ach go mbeidh sí mar inspioráid freisin do gach eagraíocht agus do dhaoine aonair chun leanúint lena ngníomhartha dochreidte dlúthpháirtíochta, mar tá an méid a dhéanann siad ríthábhachtach chun an cath a bhuachan in aghaidh na paindéime agus chun todhchaí níos fearr a chruthú don Eoraip. Mar sin, táimid iontach bródúil an tráth seo a cheiliúradh le roinnt de na daoine iontacha seo;

Ba mhaith linn freisin go gcuirfeadh sibh aithne níos fearr ar na daoine cróga cruthaitheacha seo agus ar a gcuid oibre. San eagrán seo, is féidir libh agallaimh a léamh a rinneadh le gach duine dár mbuaiteoirí agus, i measc nithe eile, d’inis siad dúinn cad a spreag iad chun a dtionscadail a sheoladh agus cén glacadh a bhí ag tairbhithe díreacha na dtionscadal leo. Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh freisin a rinneadh leis an mbuaiteoir sa chatagóir thrasteorann – Emergency, eagraíocht neamhrialtasach a thóg ospidéal in Bergamo nuair a bhí an chathair seo san Iodáil ar cheann de na háiteanna ba mhó a buaileadh leis an gcoróinvíreas ag tús na paindéime. Agus tá anseo freisin roinnt fíricí fhánacha dóibh siúd ar mian leo tuilleadh eolais a fháil. Bainigí sult as an eagrán seo!

Cillian Lohan

Leas-Uachtarán de chuid CESE a bhfuil cúram na cumarsáide air