European Economic
and Social Committee
Iriseoireacht iontaofa i ré na hintleachta saorga giniúnaí
Le Alexandra Borchardt
I mbeagán focal, bíonn an iriseoireacht agus an intleacht shaorga ghiniúnach ag teacht salach ar a chéile. Tá an iriseoireacht bunaithe ar fhíricí; úsáidtear an intleacht shaorga ghiniúnach chun dóchúlachtaí a ríomh. B’fhéidir nach drochrud ann féin é go líonfadh tuairisceoirí bearnaí i scéalta le rud ar bith a bhfuil dealramh leis? Is é sin an dóigh a n-oibríonn an intleacht shaorga ghiniúnach. Mar sin féin, cuirtear deiseanna ollmhóra ar fáil leis an intleacht shaorga ghiniúnach chun feabhas a chur ar an iriseoireacht. Is féidir í a úsáid chun teacht ar smaointe úra, ar cheisteanna agallaimh agus ar cheannlínte agus tá ról aici freisin maidir le hiriseoireacht sonraí agus maidir le hanailís thapa a dhéanamh ar dhoiciméid. Lena chois sin, is féidir í a úsáid chun formáidí agus teangacha a shárú, téacsanna a thiontú ina bhfíseáin, ina bpodchraoltaí agus ina n-íomhánna, téacsanna a thras-scríobh agus a aistriú, léaráidí a dhéanamh agus ábhar a dhéanamh inrochtana i bhformáidí comhrá. A bhuí leis sin ar fad, d’fhéadfaí freastal ar dhaoine nach ndearnadh freastal ceart orthu roimhe seo, cuir i gcás: pobail ar leibhéal an-áitiúil, iad siúd nach bhfuil scileanna léitheoireachta ná tuisceana acu nó daoine a bhfuil laige eile acu, agus iad siúd nach bhfuil suim acu san iriseoireacht thraidisiúnta. Mar a deir Ezra Eeman, an Stiúrthóir Straitéise agus Nuálaíochta in NPO, craoltóir poiblí na hÍsiltíre: ‘A bhuí leis an intleacht shaorga ghiniúnach, is fearr is féidir linn ár misean seirbhíse poiblí a chomhlíonadh; cuirfidh sí leis an idirghníomhaíocht, an inrochtaineacht agus an chruthaitheacht. Is féidir ábhar breise a chur ar fáil dár lucht féachana’.
Cé gur léir go bhfuil daoine áirithe sa tionscal seo dóchasach cheana féin faoin intleacht shaorga ghiniúnach, tá rioscaí suntasacha ag baint léi don iriseoireacht. Dhá riosca shuntasacha atá ann ná go gcaillfí muinín go ginearálta san fhaisnéis agus go dtiocfadh lagú breise ar shamhlacha gnó nó go gcuirfí deireadh leo, fiú. Is gné den teicneolaíocht seachas fabht iad ‘siabhránachtaí’, arb é sin an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chlaonadh na hintleachta saorga freagraí a chumadh, freagraí a bhfuil an chuma orthu a bheith bunaithe ar fhíricí agus ar fhoinsí. Is casta fós an dúshlán. Ós rud é go gcuireann an intleacht shaorga ghiniúnach ar chumas duine ar bith, laistigh de chúpla nóiméad, ábhar de chineál ar bith a chruthú, lena n-áirítear domhainbhrionnuithe, is é an baol atá ann go gcaillfeadh an pobal muinín as an ábhar ar fad atá ar fáil. Leis an oiliúint i litearthacht sna meáin, moltar do gach duine a bheith amhrasach faoi ábhar atá ar líne. De réir mar a éiríonn ábhar bréige níos forleithne, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh mímhuinín as an amhras sin. Ní fios go fóill an rachaidh sé chun tairbhe do na meáin thraidisiúnta a bheith ina dtreoraithe i ndomhan nua na faisnéise nó an measfar go bhfuil na meáin go léir neamhiontaofa.
Cuireann an méadú ar líon na gcuardach giniúnach leis an ngéarchéim sin, ós rud é go bhfuil an baol ann go laghdófar an tábhacht atá ag baint leis an iriseoireacht de réir a chéile. Roimhe seo, dá ndéanfaí cuardach ar Google, thiocfaí ar naisc éagsúla chuig meáin iontaofa. Sa lá atá inniu ann, áfach, is mó an tionchar atá ag an intleacht shaorga ghiniúnach ar thorthaí cuardaigh. Faigheann daoine freagraí i bhfoirm téacs láithreach agus ní gá dóibh aon chuardach breise a dhéanamh. Ní haon ionadh go bhfuil eagla ar fheidhmeannaigh na meán. Tá an intleacht shaorga á cur chun feidhme go tapa ag cuid mhór díobh chun cur leis an éifeachtúlacht. Is léir, áfach, nach leor de réiteach é sin. Is éard atá de dhíth ná breis infheistíochta san iriseoireacht ar ardchaighdeán chun an difear idir ‘ábhar’, ar thaobh amháin, agus iriseoireacht a bhfuil taighde maith déanta uirthi agus atá cruinn iontaofa, ar an taobh eile, a thaispeáint don lucht féachana.
Tá gá le cur chuige eiticiúil maidir leis an intleacht shaorga a úsáid sna meáin. Ar an gcéad dul síos, tá straitéis intleachta saorga de dhíth ar eagraíochtaí meán agus ní mór díriú ar an méid is féidir leis an teicneolaíocht rannchuidiú le luach seirbhíse poiblí a sholáthar. Ní mór acmhainní a dhíriú ar a bhfuil inmhianaithe agus iad a chur chun feidhme dá réir. Ní mór cuimhneamh air i gcónaí go bhfuil costas suntasach comhshaoil agus sochaíoch ag baint leis an intleacht shaorga. Ba cheart a bheith in ann diúltú di i gcónaí. Ba cheart d’eagraíochtaí a gcumhacht agus a dtionchar a úsáid freisin agus táirgí á gceannach acu, brústocaireacht á déanamh acu le haghaidh rialála agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí maidir le cóipcheart agus cosaint sonraí. Tá cuid mhór i gceist. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh gach cuideachta grinnscrúdú rialta ar na táirgí a úsáideann siad le haghaidh claontachta agus steiréitíopaí d’fhonn díobháil a laghdú. Ar deireadh, sa timpeallacht seo atá ag athrú go tapa agus táirgí nua á gcur amach gach lá, níor cheart do chuideachta ar bith dul ar a chonlán féin. Tá sé ríthábhachtach comhoibriú le cuideachtaí eile sa tionscal féin agus le cuideachtaí teicneolaíochta eile agus an comhoibriú sin a chur chun cinn d’fhonn bealaí freagracha chun tosaigh a leagan amach.
Níl amhras ar bith ach go gcuirfidh an intleacht shaorga ghiniúnach go mór le spleáchas na meán ar mhórchuideachtaí teicneolaíochta. Dá mhéad cuideachtaí teicneolaíochta a chomhtháthaíonn uirlisí intleachta saorga i bhfeidhmchláir a úsáideann daoine ina saol laethúil, is lú smacht a bheidh ag eagraíochtaí meán ar chleachtais, ar phróisis agus ar tháirgí. D'fhéadfadh sé go mbreathnófaí ar a gcuid treoirlínte eiticiúla mar rud chomhlántach ar chinntí a rinneadh in áiteanna eile.
Ina fhianaise sin ar fad, rud a d’fhéadfadh a bheith ina dhíol iontais ná go bhféadfadh iriseoireacht an lae amárach a bheith an-chosúil le hiriseoireacht an ama atá caite, ach í níos fearr fós. Mar sin féin, ní fheicfear gnéithe áirithe d’iriseoireacht an lae inniu a thuilleadh. Mar a bhíodh i gcónaí, bainfidh an iriseoireacht le fíricí, iontas, scéalaíocht agus lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais. Bainfidh sí le caidrimh chobhsaí, dhílse, iontaofa a thógáil leis an lucht féachana trí threoir a sholáthar, comhráite a threorú agus tacaíocht a thabhairt do phobail. I ndomhan atá lán le hábhar saorga, an rud is luachmhaire is ea tuairimí, smaointe agus mothúcháin an duine. Is iad na tuairisceoirí is fearr is féidir an méid sin a nochtadh. Mar sin féin, a bhuí leis an intleacht shaorga, is féidir an iriseoireacht a fheabhsú trí fhreastal ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí de réir a riachtanas agus a ndálaí saoil, trína déanamh níos cuimsithí agus níos áitiúla agus trí shonraí a chur ar fáil nach raibh inacmhainne roimhe seo. Bhí an méid a leanas le rá ag Anne Lagercrantz, Leas-POF SVT, faoin intleacht shaorga: ‘Athrófar an iriseoireacht ó bhonn ach tá súil againn nach n-athrófar an ról atá againn sa tsochaí. Ní mór dúinn oibriú ar chreidiúnacht thionscal na meán. Ní mór spásanna sábháilte a chruthú don fhaisnéis.’ Is féidir a rá go bhfuil riosca móra ag baint le ré na hintleachta saorga, ní hamháin don iriseoireacht féin, ach freisin do na samhlacha gnó lena mbaineann freisin.
Tá an téacs seo bunaithe ar an tuarascáil ‘Trusted Journalism in the Age of Generative AI’ (ar féidir a íoslódáil saor in aisce) a d’fhoilsigh Aontas Craolacháin na hEorpa in 2024. Ba iad an Dr Alexandra Borchardt, Kati Bremme, an Dr Felix Simon agus Olle Zachrison a rinne an taighde agus a scríobh an tuarascáil.