Copyright: Nicolas Gros-Verheyde

Le Nicolas Gros-Verheyde

Thíolaic Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen an plean ReArm Europe agus d’fhormhuinigh na 27 mBallstát é ag cruinniú mullaigh urghnách an 6 Márta. Tá cúig phríomhthogra ann; is cinnte go bhfuil siad suimiúil, ach is fiú tuilleadh plé a dhéanamh orthu freisin.

Is é an chéad togra go mbeadh solúbthacht ann maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún clásal éalaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú, rud a chuirfeadh ar chumas na mBallstát caiteachas cosanta a mhéadú 1.5 % de OTI gan an baol a bheith ann go seolfaí nós imeachta um easnamh iomarcach. Cad é an coigilteas a mbeifí ag súil leis? Beagnach EUR 650 billiún thar thréimhse ceithre bliana. Ní mór don Eoraip 'cur go mór lena caiteachas cosanta', a dúirt Ursula von der Leyen.

Is ionstraim nua iasachtaithe cosanta é an dara togra.

B’fhiú EUR 150 billiún an ionstraim sin, arna maoiniú trí iasachtaí ó bhuiséad an Aontais faoi chóras atá cosúil le cúnamh macrairgeadais. Tá sé beartaithe í a úsáid i réimsí tosaíochta ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha: an chosaint frithdhiúracáin (Tionscnamh Eorpach um Chosaint Aerspáis de bhunadh na Gearmáine), córais airtléire, diúracáin agus armlón, ladrainn agus córais frith-ladrainn, cumasóirí straitéiseacha, cosaint an bhonneagair chriticiúil (lena n-áirítear i ndáil leis an spás amuigh), an tsoghluaisteacht mhíleata, an chibearshlándáil, an intleacht shaorga agus an chogaíocht leictreonach.

Chun dlús a chur leis an bpróiseas, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leas a bhaint as Airteagal 122 den Chonradh: leis an Airteagal seo, a úsáidtear in imthosca eisceachtúla, ní cheanglaítear ach comhaontú na mBallstát laistigh de Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus Parlaimint na hEorpa á cur ar an eolas. Is teacht timpeall ar an bpróiseas daonlathach é sin a bhféadfaí easaontú leis. Formhuiníodh an plean maidir le cosaint na hEorpa a neartú ag Cruinniú Mullaigh Versailles in 2022 – trí bliana ó shin! Is doiligh a fheiceáil go bhfuil údar leis an ‘práinn’ seo.

Is é an tríú togra tarraingt as cistí réigiúnacha.

Sa ghearrthéarma, maíonn an Coimisiún gur féidir leis an Aontas Eorpach leas níos fearr a bhaint as buiséad an Aontais trí chistí a athdháileadh ó cheannteidil bhuiséid áirithe. Molann sé go dtabharfaí rogha do na Ballstáit cláir an bheartais comhtháthaithe a úsáid chun an caiteachas cosanta a mhéadú, agus tá sé ag iarraidh an próiseas a éascú lena ndéantar aistrithe deonacha chuig cistí eile an Aontais a bhaineann leis an gcosaint.

Is ionann sin agus ciorrú mór ar an bplean buiséadach ilbhliantúil reatha (2021-2027). Ní mór dúinn an cheist seo a leanas a chur orainn féin: ar cheart dúinn an comhtháthú sóisialta nó réigiúnach a ghéilleadh ar mhaithe leis an gcosaint? Ní mór an cheist seo a phlé.

San am céanna, d’fhéadfaí leas níos mó a bhaint as Ardán STEP le haghaidh teicneolaíochtaí straitéiseacha trína leathnú chuig na teicneolaíochtaí uile in earnáil na cosanta. Mar rogha eile, dar leis an gCoimisiún, d’fhéadfaí na srianta atá ann cheana, ar nós rialacha iomaíochta nó rialacha réamh-mhaoinithe nó rialacha cómhaoinithe, a mhaolú.

Baineann an ceathrú togra le hiasachtaí BEI.

Chuir an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus a chuid scairshealbhóirí (na Ballstáit) in iúl arís agus arís eile go bhfuil siad i gcoinne aon bheart eile a dhéanamh chun iasachtaí a thabhairt don earnáil mhíleata amháin, ós fearr leo an earnáil dhéach. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag éileamh go n-athrófaí beartas BEI.

Is é an cúigiú togra caipiteal príobháideach a shlógadh.

Is é an aidhm atá ann an rochtain is fearr is féidir a thabhairt ar chaipiteal agus ar mhaoiniú do chuideachtaí cosanta – fadhb choitianta sa tionscal sin. Ba cheart an smaoineamh sin a chur san áireamh sa teachtaireacht maidir le ‘hAontas Coigiltis agus Infheistíochta’.