Ag a sheisiún iomlánach i mí an Mhárta, ghlac CESE tuairim ina moltar socruithe rialachais níos beaichte agus níos oibríochtúla, chomh maith le hionstraimí leis an rialachán nua maidir le ceallraí a chur chun feidhme, i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile. Dar le CESE, d'fhéadfadh sé sin cuidiú le creat Aontais a fhorbairt a chumhdódh saolré iomlán ceallraí san Aontas.

An 10 Nollaig 2020, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola. Tá an togra ag teacht leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lena gcuirtear chun cinn dícharbónú gheilleagar an Aontais i dtreo gur féidir an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Tacaíonn an tuairim a ghlac CESE leis na bearta a leagtar amach sa rialachán: lena chaighdeáin nua maidir le hinbhuanaitheacht ceallraí, cuirfidh an Coimisiún an t-aistriú glas chun cinn ar fud an domhain, agus bunóidh sé treoirphlean chun tuilleadh tionscnamh a thabhairt faoina bheartas táirgí inbhuanaithe.

Sa tuairim uaidh, áfach, tá CESE ag iarraidh ionstraimí agus socruithe rialachais níos beaichte agus níos feidhmiúla ar mhaithe leis an rialachán nua a chur chun feidhme i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile. Mar a dúirt an rapóirtéir Bruno Choix: “Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe creat de chuid an Aontais a fhorbairt ina gcumhdaítear saolré iomlán ceallraí agus ina mbeidh rialacha comhchuibhithe agus níos uaillmhianaí i ndáil le ceallraí, comhpháirteanna, ceallraí dramhaíola agus ábhair athchúrsáilte. Leis an rialachán sin, tá sé de rún ag an gCoimisiún nuálaíocht a spreagadh agus saineolas teicniúil an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme”.

Mhínigh an comhrapóirtéir, Frank Uhlig, go bhféadfadh an tacaíocht sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla: “Maidir le cur chun feidhme díchill chuí chun faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair ceallraí, tá trédhearcacht iomlán de dhíth orainn agus an córas faireacháin seo á chur chun feidhme. A bhuí le hathchúrsáil, athchóiriú agus athúsáid na gceallraí is féidir an slabhra luacha réamhtheachtach a áirithiú. Tá sé ríthábhachtach tacú leis an taighde agus an fhorbairt maidir leis an éicidhearthóireacht.

Molann CESE aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sa réimse sin trí ról agus acmhainní na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) agus ról na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (OSHA) a neartú.

Molann CESE go dtabharfar isteach an coincheap “deireadh úsáide” mar aon le “deireadh ré” ar mhaithe le hathúsáid, athchóiriú nó dara úsáid, agus athchúrsáil ceallraí a chur chun cinn.

Aon cheallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, ba cheart iad a bheith inbhuanaithe, ardfheidhmíochta agus sábháilte ar feadh a saolré iomlán. Is éard atá i gceist leis sin ceallraí a tháirgtear a bhfuil an tionchar is lú is féidir acu ar an gcomhshaol, agus úsáid á baint as ábhair a fhaightear i gcomhréir iomlán le cearta an duine agus le caighdeáin shóisialta agus éiceolaíocha. Ní mór do cheallraí a bheith buan agus sábháilte agus, ag deireadh a saolré, ba cheart feidhm nua a bhaint astu, iad a athmhonarú nó a athchúrsáil, rud a chuirfeadh ábhar luachmhar ar ais sa gheilleagar. (ks)