Nós imeachta céim-ar-chéim

4 mhí ar a mhéad / 4 mhí ar a laghad

Eagraithe

  • Comhlánaigh agus cuir isteach an fhoirm ar líne
  • Nuair a bheidh d'imeacht á phleanáil agat, déan deimhin de go gcloíonn tú le huaireanta oibre CESE: 9:00-17:30
  • agus le fad an tsosa lóin (1.5 uair an chloig)

Comhordaitheoir CESE

Deimhníonn:

  • go bhfuil seomraí ar fáil,
  • réimse spéise na rannóige agus cé na comhaltaí atá ar fáil,

Seolann:

  • deimhniú i bhfoirm ríomhphoist chuig na heagraithe ina bhfuil na doiciméid agus na spriocdhátaí uile a iarradh.

2 sheachtain roimh an imeacht

Eagraithe

Cuir na nithe seo a leanas chuig an gcomhordaitheoir CESE:

  • dréacht-chlár oibre nó clár oibre críochnaitheach,
  • riachtanais theicniúla (méaróg USB, teilgeoir, taifeadadh, micreafóin etc.),
  • an polasaí árachais (dliteanas sibhialta lena gclúdaítear aon damáiste do mhaoin lá an imeachta).

Déan cúram de na socruithe lónadóireachta (i gcomhar le Sodexo nó soláthraí seachtrach) – ná déan dearmad uisce a chur ar fáil sa seomra cruinnithe.

Comhordaitheoir CESE

Tugann faoi:

  • socruithe teicniúla,
  • aon socruithe eile.

5 lá oibre ina dhiaidh

Eagraithe

Seol na nithe seo a leanas:

  • liosta na rannpháirtithe
  • ainm/sloinne
  • uimhir aitheantais
  • náisiúntacht
  • tír chónaithe
  • teimpléad suaitheantais
  • an clár oibre is déanaí

Comhordaitheoir CESE

Cuireann liosta na rannpháirtithe chuig an Roinn Slándála d'fhonn rochtain a áirithiú.


Lá an imeachta

Eagraithe

  • clárú na rannpháirtithe,
  • sonraí aitheantais a chros-seiceáil,
  • suaitheantais a dháileadh,
  • comharthaíocht (más gá).

Comhordaitheoir CESE

Tá sé ar fáil chun aon chomhairle a thabhairt nó aon chomhordú a dhéanamh le linn an imeachta.


2 sheachtain i ndiaidh an imeachta

Eagraithe

  • tuarascáil a chur i dtoll a chéile ina bhfuil conclúidí an imeachta,
  • an tuarascáil sin a chur chuig an gcomhordaitheoir CESE.

Comhordaitheoir CESE

Scaipeann an tuarascáil:

  • ar shuíomh gréasáin CESE
  • - ar bhonn inmhéanach ar na ranna lena mbaineann.