Tá spina bifida ar Jan Štuka, aon bhliain déag d’aois as Ságrab na Cróite, agus ní féidir leis siúl ach le cabhair teanntáin agus siúladáin; mar sin féin, níor chuir sin bac air a bheith ina lúthchleasaí cumasach. Buaiteoir an ghradaim don imreoir óg parai-chispheile is fearr sa Chróit in 2023, bhí Jan le feiceáil freisin i gcomórtais snámha agus cleachtann sé an sciáil Nordach anois. Ina chuid ama saoir, imríonn sé sacar lena chairde, ag cur báirí lena lámh. Labhair Jan agus a mháthair Jasmina Bogdanović linn faoi na deiseanna spóirt do leanaí faoi mhíchumas agus mhínigh siad an fáth a bhfuil sé tábhachtach caitheamh leis na leanaí sin a laghad is féidir mar dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.
JAN:
Cén uair a thosaigh tú ag cleachtadh spóirt agus cad iad na spóirt a chleacht tú go dtí seo?
Ní raibh mé ach dhá bhliain d’aois nuair a thosaigh mé ag snámh sa scoil snámha. Nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois, bhog mé go dtí an Club Snámha Natator Para, áit a d’fhoghlaim mé na teicnící snámha go léir agus ghlac mé páirt i roinnt comórtas. D’éirigh mé as nuair a bhí mé aon bhliain déag d’aois mar go raibh leadrán orm.
Nuair a bhí mé ocht mbliana d'aois, thosaigh mé an pharaisciáil Nordach agus, ina dhiaidh sin, ag imirt cispheile i gcathaoir rothaí. Táim fós ag cleachtadh an dá spórt sin agus is iad na spóirt is fearr liom iad anois.
Bhain mé triail as an ailleadóireacht cúpla uair freisin agus thaitin sin go mór liom, ach ní bhíonn an t-am agam an spórt sin a chleachtadh freisin. Chomh maith leis sin, thug mé faoi thimthriall traenála Krav Maga ar feadh samhradh amháin. Bhí sé go hiontach agus ba bhreá liom é a dhéanamh arís ó am go ham amach anseo.
Cad iad na gradaim a bhuaigh tú agus cé acu ceann is tábhachtaí duit?
Tá roinnt gradam buaite agam sa chlub cispheile, agus is é an gradam is fearr liom an gradam don phara-lúthchleasaí óg is fearr i mo chatagóir in 2023, gradam a bhronnann Cumann Pharaspóirt Shágrab.
Cén chuma a bhíonn ar do sceideal nuair a bhíonn tú ag traenáil? Cé mhéad ama a chaitheann tú ag traenáil gach seachtain?
Téim ar scoil ar maidin. Tar éis na scoile, déanaim mo chuid oibre baile ar dtús agus téim amach le mo chairde, agus sa tráthnóna freastalaím ar cheann de na seisiúin traenála. Go dtí seo, bhínn ag freastal uair sa tseachtain ar thraenáil sa sciáil ar thalamh tirim, ar an gcispheil uair sa tseachtain agus an snámh uair nó dhó sa tseachtain. Ón scoilbhliain seo, stopfaidh mé ag snámh agus déanfaidh mé tuilleadh traenála sa sciáil, faoi dhó nó faoi thrí sa tseachtain.
Sa gheimhreadh, téim chuig campaí sciála i Planica sa tSlóivéin agus chuig roinnt ionad sciála san Ostair. Is maith liom na campaí sin mar go dtéann mo chairde ann freisin, agus taobh amuigh den traenáil bíonn deis iontach againn a bheith i gcuideachta a chéile.
I gcás na cispheile, téimid uaireanta chuig cluichí i gcathracha eile timpeall na Cróite. An fómhar seo caite, bhíomar sa Róimh freisin agus d’imir muid cluiche i gcoinne fhoireann cispheile Lazio.
An bhfuil aon fhir nó mná spóirt ar leith a bhfuil meas agat orthu? Ar mhaith leat páirt a ghlacadh i gcomórtas mór idirnáisiúnta spóirt lá éigin?
Ba é Luka Modrić an lúthchleasaí ab fhearr liom tráth, ach faoi láthair níl aon laoch ar leith agam, agus mar sin ní leanaim aon duine ar leith.
Ba bhreá liom páirt a ghlacadh i gcomórtais idirnáisiúnta spóirt...sa chispheil agus sa sciáil, bheadh súil agam.
JASMINA:
Cén aird a thugtar ar an spórt do leanaí faoi mhíchumas sa Chróit?
Mar thuismitheoir, feictear dom go bhfuil an-aird á tabhairt air go deimhin. Ar an drochuair, níl tuismitheoirí ar an eolas maith go leor faoi na féidearthachtaí, agus bíonn na clubanna ag lorg baill nua go síoraí seasta, agus is mór an trua gurb é sin an chaoi a bhfuil rudaí. Ar ndóigh, tá an scéal i bhfad níos fearr i gcathracha móra.
An leor na deiseanna agus na dreasachtaí a bhíonn ag leanbh faoi mhíchumas chun spórt a chleachtadh, nó an mbíonn ar na tuismitheoirí a lán cabhrach a thabhairt?
Tá deiseanna agus dreasachtaí ag leanaí, sin más mian leo féin agus a dtuismitheoirí iad a thapú. Mar a dúirt mé, ní leor an t-eolas atá ag tuismitheoirí, agus ní bhíonn cuid acu ag iarraidh brú breise; nó bíonn eagla orthu go ngortófar an leanbh ag imirt spóirt... Is mór an trua gur mar sin a smaoiníonn siad. Seachas sin, tá sé saor in aisce ag daoine faoi mhíchumas spórt a chleachtadh agus, dar liom, go bhfuil sé an-mhaith don tsláinte coirp agus don mheabhairshláinte, agus don imeascadh sóisialta go speisialta. Ní déarfainn go mbíonn níos mó le déanamh ag na tuismitheoirí ná mar a bhíonn i gcás leanaí sláintiúla den aois chéanna. Tá eisceachtaí ann, ar ndóigh, a bhaineann le diagnóisí áirithe: mar shampla, bíonn ar dhuine againn a bheith i dteannta Jan nuair a théann sé ar na campaí sciála geimhridh nó chuig cluichí as baile, ach de réir mar a éireoidh sé níos sine, gach seans nach mbeidh sin amhlaidh chomh minic céanna agus gur rogha a bheidh ann dúinn. Is é an sprioc ná a bheith neamhspleách sna gníomhaíochtaí sin go léir. Bíonn sé ag traenáil go rialta gan aon chabhair uainne.
Cad eile a déarfá mar thuismitheoir le leanbh a bhfuil riachtanais speisialta aige?
Caitheamh leo a laghad is féidir mar dhaoine le riachtanais speisialta agus iad a chur san áireamh sna gnáthghníomhaíochtaí de réir aoise agus cumais, le go mbraithfidh siad go bhfuil siad san áireamh. Beidh íomhá acu díobh féin mar ghnáthleanaí a dhéanann roinnt rudaí ‘beagán difriúil’, ach atá in ann iad a dhéanamh mar sin féin! Bíonn Jan ag marcaíocht ar rothar le trí roth, ní dhá roth; bíonn sé ag snámh agus ag tumadh ar nós a chairde, ach ní úsáideann sé a chosa an oiread céanna leosan; imríonn sé sacar leis an bhfoireann, ach is lena lámh a chuireann sé báire. ‘Is féidir linn gach rud a dhéanamh, ach go b’fhéidir go ndéanfaimis roinnt rudaí ar bhealach difriúil’ - má ghlacann siad leo féin ar an mbealach sin, glacfaidh daoine eile leo ar an mbealach sin freisin.
Is dalta 11 bhliain d’aois as Ságrab é Jan Štuka atá sa chúigiú bliain den bhunscoil faoi láthair. Ba bhall é den Chlub Snámha Natator. Is ball é de KKI Zagreb (cispheil i gcathaoireacha rothaí) agus de Chlub Sciála Monoski Zagreb do dhaoine faoi mhíchumas, áit a mbíonn sé ag traenáil go rialta sa chlár sciála Nordaí do dhaoine faoi mhíchumas.
Tá céim sa dearadh ó Scoil an Deartha i nDámh na hAiltireachta i Ságrab ag Jasmina Bogdanović. D’oibrigh sí i ngníomhaireachtaí margaíochta éagsúla ar feadh 20 bliain. Faoi láthair tá sí ag obair go páirtaimseartha agus go cianda i stiúideo beag grafaicí a ligeann di dul in éineacht le Jan chuig campaí sciála agus imeachtaí eile spóirt. Is rothaí paiseanta í freisin a théann i ngach áit ar an rothar.
Read less